An Phailistín - Róisín Elsafty (as Gaeilge - Palestine) Irish Solidarity - Video
PUBLISHED:  Jun 18, 2010
DESCRIPTION:
An Phailistín

Leathchéad bliain faoi riail Iosraelaigh,
Scaipeadh 's fann ar na milliúin teaghlaigh,
Brón 's briseadh croí,
Mo bhrón mo Phailistín.

An Phailistín, an Phailistín, mo Phailistín,
Hosni alaikum ya Falastin,
Hosni alaiki ya Falastin.

Lá agus oíche mar a cheile,
Mná ag caoineadh 's paistí ag scréachaíl,
Síon ón F16,
Marú ar gach taobh.

Dhá bhliain fhada de Intifada,
Caitheadh cloch sa Bhruach Thiar 's i nGaza,
Seasta ar pháirc an áir,
Gan brat ná pas le fáil.

An Phailistín, an Phailistín, mo Phailistín,
Hosni alaikum ya Falastin,
Hosni alaiki ya Falastin.

An talamh naofa shiúil an leanbh Íosa,
Fáithe Abrahám 's Maoise,
Mahamad ó mo bhrón,
Scriosta ag Sharon.

Iarúsailéim, dúirt Íosa Críost,
Nach bhfágfaidh cloch ar chloch, is fíor,
Tairngreacht ag teacht chun cinn,
Mo bhrón mo Phailistín.
follow us on Twitter      Contact      Privacy Policy      Terms of Service
Copyright © BANDMINE // All Right Reserved
Return to top