Dónal McCague | Ceoltóir Óg na Bliana | TG4 Music Awards 2013 - Video
PUBLISHED:  Mar 17, 2013
DESCRIPTION:
Dónal McCague: Ceoltóir Óg TG4 2013 | Gradam Ceoil TG4
http://www.gradam.ie/index.php/young-musician-of-the-year/?lang=en
https://en-gb.facebook.com/gradamceoil
Lean muid ar Twitter https://twitter.com/GradamCeoil

Is as Baile an Scotaigh i gCo Mhuineachán, do Dhónal McCague, fidléir óg a bhfuil cáilíocht mar bhunmhúinteoir díreach bainte amach aige ó Choláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. Rugadh é i 1990 agus tá cáil an cheoil ar a theaghlach. Spreag a thuismitheoirí agus a aintín, Eileen McMahon, a shuim sa gceol ón tús agus thug a mhúinteoirí éagsúla ceoil, Laura Beagon, Deirdre agus Michael Rooney, Pat McCabe, Edel Connolly and Phelim Ó Raghallaigh oiliúint agus spreagadh dó freisin.

Cé na bhfuil ann ach fear óg, tá deich mbliana caite aige i mbun ceoil seisiún lena dheartháir Michael (giotár) agus Dave Sheridan (feadóg mhór). Sa tréimhse sin, thuill a stíl bhríomhar ornáideach, an teicníc sciliúil agus a rithim phreabach cáil dó agus meas air.

Ar na fidléirí a bhfuil meas aige orthu agus a d'fhág a rian ar a stíl, tá Tommy Peoples, Séamus Quinn, Brian Rooney, Cathal Hayden, Seán Keane agus Frankie Gavin.

Sa mbliain 2005, agus gan é ach chúig bhliana déag d'aois, sheinn sé ag age Féile Idirnáisiúnta Fidile Frankie Gavin i nGaillimh agus ag ceolchoirm sa gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar Lá 'le Pádraig 2006. Sheinn sé mar bhall den ghrúpa ceoil ó chumann Bhaile an Scotaigh a bhuaigh Craobh na hÉireann 2006 Scór na nÓg mar aon lena dheirfiúr Edel (feadóg mhór).

Is minic é ag seinm ar an teilifís agus ar raidió -- facthas é ar eagrán Geantraí ar TG4 agus ar chlár teilifíse RTÉ ó Fhleadh Cheoil na hÉireann. Thug sé roinnt turas thar sáile freisin leis na grúpaí damhsa Ragús agus Celtic Legends.

D'eisigh sé diosca faoin teideal Bits'N'Pieces sa mbliain 2011, agus thug Oisín Mac Diarmada an moladh seo dó ina nóta don chlúdach: "Tá Dónal tagtha i mbláth mar fhidléir cumasach a bhfuil snas agus smaoineamh le sonrú go láidir ina chuid ceoil."



Gradam Ceoil TG4 2013

Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann/The Gathering agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche.

Seo thíos liosta iomlán na gceoltóirí a bhéas ag casadh sa cheolchoirm...

Altan -- DÓNAL McCAGUE, Michael McCague & Brian McGrath.

TOMMY PEOPLES, Siobhán Peoples, Michelle O'Brien, Laoise Kelly, Matt Molloy, Donal Lunny & Tríona Ní Dhomhnaill.

NA PÍOBAIRÍ UILLEANN -- Gay McKeon, Nollaig MacCarthaigh, Dave Hegarty, Tommy Keane, Noel Pocock & Liam Ó Floinn.

SÉAMUS Ó BEAGLAOICH, Mary Black, Sharon Shannon & Tim Edey

MICHAEL TUBRIDY, Sarah Jane, Bernie Hanley & Máirín Ó Raghallaigh

DERMOT BYRNE, Floriane Blanke & Brendan O'Regan
follow us on Twitter      Contact      Privacy Policy      Terms of Service
Copyright © BANDMINE // All Right Reserved
Return to top