Ná Déan Dearmad ar an Óige - TG Lurgan - Cainéal na Gaeilge - Video
PUBLISHED:  Nov 17, 2010
DESCRIPTION:
Seo an leagan gaeilge don amhráin "Never Forget" le Take That a rinne Daithí Ó Ruaidh, Stiofán Ó Fearghaill, Keith Ó Brien agus Jenny Ní Ruiséal sa Stuideo

Chuaigh muid ar fad ar fud an domhain
Agus thug muid aghaidh ar gach rud 'bhí ann.
Is tá muid fós an-óg, ach ní bheidh go deo.

Bhuel tá muid tagtha, ach níl's a'inn cá raibh muid.
Bhí'n bua a'inn, thaitin sé linn
Ach cuimhnigh ar sin

Bhí muid ar an mbóthar seo le tamall
Is cosúil gur shiúil mé na mílte
Uair nó dhó bhí mé dúnta i ngrá
Bhí chuile dhuine ann
Le baol is eagla romham, sheasfadh mise ar an líne dóchais
Bhí's a'm go n-éireodh liom
Chonaic mé na teorainn agus d'fhéach mé ar an spéir gach oíche
Is ar sholas na gealaí

Ansin rith sé liom, go raibh dul amú a'm
Táim ró-mhór ionam féin ach bíonn i gconaí tuilleadh uaim
Ní raibh sé éasca suaimhneas a fháil
Ní raibh sé ró-dhéanach mo shaol a shábháil

Ná déan dearmad ar an óige, is
Ná lig ort nach raibh sé fíor
Samhlaigh nach dtarlóidh a leithéid de arís
Oh, ní tharlóidh sé arís

Slán ón díomá is ón bpian le seal
Ach dar liom, tháinig muid ró-fhada
Ach gach lá téann muid chun cinn
Tá sé chomh deas le bheith ann

Tuigimse an brí dó ach ní féidir é a mhíniú anois
Bíonn an fhírinne searbh
San oíche feicim mo lamh 's smaoinim ar mo chuis fein arís
Ach ag deireadh an lae


Ná déan dearmad ar an óige, is
Ná lig ort nach raibh sé fíor
Samhlaigh nach dtarlóidh a leithéid de seo arís
Oh, ní tharlóidh sé arís

Chuaigh muid ar fad ar fud an domhan
Agus thug muid aghaidh ar gach rud 'bhí ann.
Is tá muid fós an-óg, ach ní bheidh go deo.
Ach cuimhnigh ar sin

Ní bheidh muid ann go deo, Ní bheidh muid ann go deo
Níl ann ach tráth beag, níl ann ach tráth beag,
Ní bheidh muid ann go deo, Ní bheidh muid ann go deo
So arís déarfaidh mé


Ná déan dearmad ar an óige, is
Ná lig ort nach raibh sé fíor
Samhlaigh nach dtarlóidh a leithéid de seo arís
Oh, ní tharlóidh sé arís
follow us on Twitter      Contact      Privacy Policy      Terms of Service
Copyright © BANDMINE // All Right Reserved
Return to top